To read this page in English, click here.
Bhí sé aitheanta i measc mór-aidhmeanna Chomhaontú Aoine an Chéasta ‘ré úr comhionannais’ a thabhairt isteach do phobail ó thuaidh, agus mar chuid de sin tugadh coimitmintí sonracha do phobal na Gaeilge sa chomhaontú féin. Chun an fhorbairt atá déanta ó 1998 ar aghaidh a mheas agus a scagadh mar is cuí, áfach, de réir na coimitminte thuas, is gá súil a chaitheamh siar ar chás na Gaeilge roimh an Chomhaontú stairiúil sin. Cad chuige ar tháinig ceist na teanga chun cinn go lárnach agus go leanúnach i bpolaitíocht na sé chontae? Agus cad é atá foghlamtha againn mar phobal teanga agus mar shochaí ó shin?
Ní minic a chluintear trachtairí comhaimseartha ag caint ar Éirinn, ar stát ó thuaidh, ar an Bhreatain, agus ar an ghaol stairiúil a bhí acu uilig leis an Ghaeilge síos fríd na blianta. Tosaíonn an anailís, de ghnáth, le leathchéad bliain anuas, nó mar sin. Ach is cur chuige é sin a ghlanann na céadtaí bliain den stair agus den scrios a rinneadh ar an teanga, idir polasaithe agus dlithe coilíneacha fríth-Ghaeilge, den insint reatha oifigiúil. Níor chríochnaigh an Ghaeilge ina teanga ‘mionlaithe’ anseo de thaisme. Dhírigh forsaí leatromacha coimhthíocha ar an Ghaeilge arís agus arís eile le himeachta ama, idir Reachtanna Chill Chainnigh in 1366, na Péindlíthe, tríd an Acht um Riar an Cheartais 1737, agus go leor eile. Ruaigeadh an Ghaeilge, pobal a labhartha, agus rinneadh imeallú agus cuireadh cosc orthu siúd a rinne iarrachtaí an teanga a labhairt, bíodh sé sin sna scoileanna nó aon áit phoiblí eile.
Níor chuidigh bunú an stáit úir ó thuaidh leis an chur chuige ionsaitheach i coinne na teanga, agus ruaig cumhachtaí an stáit féin an teanga ón chóras oideachais agus ó úsáid phoiblí arís agus arís eile. Amharcann Gaeil an lae inniu ar bhunú Ghaeltacht Bhóthar Seoighe, an chéad Ghaeltacht uirbeach in Éirinn le 100 bliain, mar bhladhaire a las tinte na hathbheochana reatha sna sé chontae. Spreag an réabhlóid theanga seo bunú Scoil Ghaeilge Bhéal Feirste (nó Bunscoil Phobal Feirste mar is fearr aithne uirthi anois) in 1971, an chéad bhunscoil lán-Ghaeilge ó thuaidh, agus chláraigh 9 ndalta sa chéad bhliain sin. De thairbhe gur chuig ceannairí na scoile rogha oideachais ar fáil ina dteanga féin, taobh amuigh den Bhéarla, bagraíodh an dlí agus príosún orthu ag an am. Agus ar ndóigh thit na forbairtí claochlaitheacha seo amach le linn ghluaiseacht na gceart sibhialta agus an chogaidh ó thuaidh, coimhlint a rachadh ar aghaidh ar feadh beagnach 30 bliain eile. Choinnigh tuismitheoirí agus gníomhaithe teanga an scoil oscailte don chéad 13 bliain sin nuair a dhiúltaigh an stát ó thuaidh nó Rialtas na Breataine aon aitheantas nó maoiniú a chur ar fáil. D’athraigh sin in 1984 agus d’éirigh leis an scoile stádas oifigiúil a bhaint amach. Tá an scoil anois breis agus 50 bliain ar an fhód, agus seasann sí mar eiseamláir pobail, oideachais agus dochair d’earnáil atá anois ag soláthar na Gaelscolaíochta do bhreis agus 7,300 scoláire i mbreis agus 30 scoil.
Spreag fás na Gaelscolaíochta ag leibhéal na bunscolaíochta éileamh ollmhór do mheánscoil lán-Ghaeilge. Arís eile, ní amháin nár thacaigh an stát leis na hiarrachtaí seo, agus cuireadh neart constaicí móra rompu. Bunaíodh Meánscoil Feirste (Coláiste Feirste) in 1991, agus mar a thit amach le Bunscoil Phobal Feirste, mhair an scoil sna luathbhlianta siúd ar dhea-thoil an phobail de dheasca easpa tacaíochta ó na húdaráis. Tháinig cás na meánscoile chun tosaigh mar chroí-cheist agus mar chroí-fheachtais le linn blianta idirbheartaíochta Chomhaontú Aoine an Chéasta. Aithnítear an cheist anois mar scrúdú litmis ar Rialtas na Breataine, agus eile, maidir lena gcoimitmint chun sochaí chothrom a fhorbairt.
Sin uilig ráite, níor cheart go mbeadh dallamullóg ar aon duine maidir le stádas na teanga ar an oileán féin. Tá ‘teorann’ teanga ann, deighilt thuaidh agus theas maidir leis an Ghaeilge. Tá na Ghaeilge mar theanga oifigiúil ó dheas, luaite agus aitheanta sa Bhunreacht féin. Ó thuaidh, roimh 1998, ní raibh aon tagairt don teanga nó aon aitheantas oifigiúil an dí. Níor athraigh mórán ó 1998 ach oireadh. Aithnítear tionchar na deighilte teanga seo ar neart bealaí, go siombalach, go polaitiúil, i dtaobh maoinithe agus maidir le comharthaíocht. Agus tú ag tiomáint ó Bhaile Átha Cliath aneas go Béal Feirste athróidh an t-aonad luais ó KM go Mílte, agus leis sin, athróidh na comharthaí dátheangacha go comharthaí aonteangacha. Fág slán leis an Ghaeilge, agus fáilte go stát ‘Béarla amháin’, a teachtaireacht shoiléir atá le mothú ansin. Beartas d’aon ghnó é sin, an Ghaeilge a bhaint de chomharthaí bóthair, agus cosc a chur orthu dul in airde as sin amach.
Agus mar sin dúradh go raibh Comhaontú Aoine an Chéasta le bheith ina thairseach stairiúil, ina chor cinniúna maidir leis an dóigh a gcaitheann an stát ó thuaidh leis an teanga agus pobal a labhartha. I Snáithe a Trí den Chomhaontú (‘Cearta, Cosaintí agus Comhionannas Deiseanna’) tugadh gealltanais áirithe maidir le ‘Ceisteanna Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúrtha’, gealltanais a bhain leis an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh, a bhain le coimitmintí craoltóireachta, coimitmintí measa agus caoinfhulaingthe trí chéile. Mar bhun-phrionsabail gealladh “beart diongbháilte a dhéanamh leis an teanga a chur chun cinn”. Don chéad uair riamh, shínigh Rialtas na Breataine conradh idirnáisiúnta ina raibh sraith bheartas forásach a bhain le cur chun cinn agus cosaint na Gaeilge, a mhalairt den chleachtas frith-Ghaeilge a bhí i réim le beagnach míle bliain.
I measc na bhforálacha a bha thábhachtaí a luadh sa chomhaontú maidir leis an Ghaeilge, gealladh “iallach reachtúil a chur ar an Roinn Oideachais leis an Ghaelscolaíocht a chur chun cinn agus a éascú ar an dóigh chéanna a ndéantar i gcás an oideachais imeasctha”. As seo, ar ndóigh, a tháinig an dualgas reachtúil a luaitear san Ord Oideachais 1998, atá go mór faoi chaibidil ag lucht na Gaelscolaíochta go dtí an lá atá inniu ann, mar cheangaltas atá ar bheagán éifeachtachta agus críochnúlachta, dualgas atá débhríoch agus gan mhórán tionchair trí chéile, ach a bhí tábhachtach ann féin i dtús ama. Cé gur scrúdaíodh an dualgas reachtúil seo arís agus arís eile, os comhair na gCúirteanna agus i measc na Rannaí Rialtais, tuigeann pobal na Gaelscolaíochta anois nár chomhlíon sé riamh an dóchas, an fhís nó na riachtanais atá acu mar earnáil. Níor fhreastail an dualgas reachtúil riamh go cothrom ar éilimh mhór na hearnála féin, agus ag an am céanna, rinneadh beag is fiú de ag údaráis an stáit agus acu siúd a sheas i gcoinne na teanga riamh anall, freasúra aontachtach de ghnáth. In áit ‘gníomh diongbháilte’ Chomhaontú Aoine an Chéasta a thabhairt chun tosaigh fríd beartais fhiúntacha teanga, theip ar an stát an tacaíocht chuí a chur ar fáil don earnáil, bíodh sin ina tacaíochtaí acmhainní, lóistín, sainriachtanais oideachais nó maidir le múinteoirí a raibh cumas acu i réimsí práinneacha ábhar a chur faoi oiliúint. Fágadh an earnáil leis féin, lena chuid féin a ullmhú, a thógáil agus a choinneáil. Agus i rith an ama bhí fás agus borradh ag teacht bliain i ndiaidh bliana ar na figiúir iontrálacha sna scoileanna féin. Tá Coláiste Feirste anois ar an Ghael-Coláiste meán-leibhéil is mó in Éirinn agus feachtas acu an dara suíomh a oscailt i dtuaisceart Bhéal Feirste nó tá an suíomh reatha lán go doras. Agus arís eile, idir stát a bhfuil neamhshuim acu sa teanga, agus freasúra atá go minic dubh i gcoinne na Gaelscolaíochta, níor socraíodh an dara suíomh sin ó go fóill. Moill, moill agus tuilleadh moille.
In 2001, mar chuid de na croí-choimitmintí a thug Rialtas na Breataine in 1998, dhaingnigh siad an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh suas go Cuid III don Ghaeilge. Mar chonradh de chuid Chomhairle na hEorpa, déantar monatóireacht leanúnach ar chur i bhfeidhm na Cairte le cinntiú go bhfuil lucht a sínithe ag comhlíonadh a gcuid dualgas. Gach 5 bliana tugtar cuireadh do Rialtas na Breataine tuairisc a thabhairt ar na beartais atá curtha i bhfeidhm acu le forálacha na Cairte a chomhlánú, sula dtagann saineolaithe agus Airí na Comhairle ar cuairt chun a scagadh féin a dhéanamh ar an staid reatha. In achan cheann de na tuairiscí anailíse ó Shaineolaithe Chomhairle na hEorpa tugadh le fios go raibh ag teip amach is amach ar Rialtas na Breataine a ngealltanas i dtaobh na Gaeilge a chur i bhfeidhm. Déantar, mar sin, beag is fiú den rud iomlán tríd easpa gnímh agus neamhaird agus caitear an Cháirt Eorpach, den chuid is mó, ar leataobh mar cháipéis thánaisteach nach bhfuil aon chumhacht dhlíthiúil aici i ndlí na sé chontae.
Ní nach ionadh, mar sin féin, gur tháinig ceist na Gaeilge chun tosaigh arís agus arís eile ó 1998 i dtréimhsí cinniúnacha idirbheartaíochta, de réir mar a lean an pobal ar aghaidh ar lorg cearta, agus mar a lean an stát ar aghaidh á séanadh. In 2006, mar chuid de Chomhaontú Chill Rìmhinn, fuarthas coimitmint shonrach ó Rialtas na Breataine ‘Acht Gaeilge a thabhairt isteach. Mar chuid de Chomhaontú Cromghlinne in 2010, bunaíodh Ciste Infheistíochta na Gaeilge agus tháinig £8m ó Rialtas na Breataine chun tacú le tionscadail chaipitil ó thuaidh. Bhrúigh an pobal an teanga chun cinn sna spásanna polaitiúla seo arís agus arís eile mar nár éirigh le haon cheann de na comhaontuithe roimhe sin freastail go cothrom ar riachtanais an phobail, agus aon choimitmint a tugadh, níor comhlíonadh iad ag leibhéal ard, sásúil riamh. Agus de réir mar a tháinig méadú ar fhrustrachas an phobail, tháinig méadú fosta ar ionsaithe ar an Ghaeilge ó pholaiteoirí aontachtacha, a thóg orthu féin an teanga a mhaslú arís agus scéimeanna teanga a scrios nó a chur ar ceall.
I measc oidhreacht Chomhaontú Aoine an Chéasta faightear bunú Chomhairle na Gaelscolaíochta agus bunú Fhoras na Gaeilge mar údaráis stáir a leagadh sain-chúraim fhorbartha Gaelscolaíochta agus teanga orthu faoi seach. Ach mar a tharla le neart eile sna blianta a lean, chuaigh an mhoilleadóireacht pholaitiúil, agus an meon frith-Ghaeilge sa stát go mór i bhfeidhm ar a gcumas plé go huaillmhianach leis an teanga. Is é an déantús tras-teorann, mar a tharlaíonn, bun-laige an Fhorais féin, mar eagras reachtúil atá ag bráth ar fhoirmle maoinithe thuaidh theas atá réamh-aontaithe agus spléach ar a chéile. Tráth a mbíodh maoiniú breise le teacht ó thuaidh, ní raibh a chomhionann ar fáil ó dheas, agus vice versa. Is é an oidhreacht atá ag Foras na Gaeilge ó 1998 ná easpa dul chun cinn. Tá bunmhaoiniú Fhoras na Gaeilge níos ísle anois, in 2023, ná mar a bhí sí in 2003, ó €17.18m go €16.265m, in ainneoin na bhforbairtí as cuimse atá déanta ag an phobal san amscála céanna. Tá bun-struchtúr maoinithe an Fhorais briste, agus is iad na scairshealbhóirí áitiúla atá thíos leis. 25 bliain ar aghaidh is gá dúinn breathnú arís ar an chóras maoinithe agus theacht ar bhealach infheistíocht chothromasach a éascú thuaidh agus theas chun freastal mar is ceart ar riachtanais an pobail, nó is fadhb í seo atá ag dul in olcas, agus atá ag dul i bhfeidhm ar chur chun cinn na teanga fud fad an oileáin. Níl aon uaillmhian le sonrú, nó is córas é atá spléach ar fad ar chóras agus ar chinntí polaitíochta atá lán de mhoilleadóireacht agus diúltú.
Níl aon amhras ann ach go raibh poitéinseal ollmhór ag baint le Comhaontú Aoine an Chéasta maidir leis an Ghaeilge. Ach d’fhág an easpa dul chun cinn blás searbh lán amhrais i mbéal na ndaoine féin. ‘An é seo an rud is fearr gur féidir linn bheith ag súil leis? An éiríonn sé níos fear?’ Idir ciorruithe maoinithe, maslaigh leatromacha nó cinntí frith-Ghaeilge, spreagadh pobal na Gaeilge le troid ar ais, agus tháinig ann don Dream Dearg, a bhrúigh ceist na Gaeilge go barr an chláir pholaitiúil don chéad uair riamh i stair an Stáit ó thuaidh. Ceaptar gurb é An tAcht Féiniúlachta agus Teanga (2022) mór-thoradh agus ceann-scríbe an fheachtais #AchtAnois ó bhí 2016 ann, ach tá an tionchar daonna, an claochlú atá tagtha ar chumas phobal na Gaeilge iad féin a eagrú agus a throid ar ais, le misneach agus le huaillmhian, i measc na mbuanna is suntasaí atá bainte amach don Ghaeilge le fada an lá. Don chéaduair i stáir an stáit bhig ó thuaidh beidh eilimintí de stádas oifigiúil don teanga fréamhaithe sa dlí, stádas a chinnteoidh go gceapfar Coimisinéir Gaeilge a bheas freagrach as sraith de chaighdeáin teanga a chur i bhfeidhm ar bhreis agus 100 údarás poiblí. Tríd an dul chun cinn stairiúil seo déanfar Acht 1737 a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna a aisghairm agus féachfar le cuid den damáiste a rinneadh leis na céadta a leigheas, beagán ar bheagán. D’fhógair an pobal féin, áfach, nár chomhlíon An tAcht úr seo na coimitmintí a tugadh in 1998 nó in 2006, agus cé gur fháiltigh siad roimhe mar ‘clochmhíle stairiúil’ san aistear i dtreo chearta teanga, chuir siad in iúl go leanfaidh an feachtas ceannródaíoch ar aghaidh go mbainfear amach agus go gcuirfear i bhfeidhm cearta teanga cuimsitheacha ar bhonn comhionannais.
Idir an dá linn, in áit an deis a thapú agus coiscéimeanna a ghlacadh i dtreo na teanga ar bhonn comhroinnte, tá an DUP ag cúlú i gcónaí óna gcuid coimitmintí faoi Ré Nua Cur Chuige Nua. Chaith siad vóta, ar deireadh, i gcoinne na reachtaíochta úire in Westminster in 2022, agus tá cosc curtha acu 26 uair le linn 2021 ar Straitéis Ghaeilge a gealladh sa dlí in 2006. Is é an tAontachtas Polaitiúil, mar sin, an bac is mó a sheasann idir pobal na Gaeilge agus comhionannas ceart-bhunaithe. Fiú i mbliana, 2023, agus muid ag amharc ar 25 bliain de Chomhaontú Aoine an Chéasta, tá an DUP, an UUP agus eile, ag cur i gcoinne comharthaíochta Gaeilge sa Cheathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste. Agus mar thoradh air sin uilig tá pobal na Gaeilge ag ceistiú cé acu an féidir leis an stát ó thuaidh riamh freastal go cothrom ar an teanga, nó nach féidir? Sna blianta atá amach romhainn feicfear pobal na Gaeilge ag dul ar ais chun sráide, bíodh sé mar gheall ar mhoill leis an reachtaíocht úr, diúltú comharthaíochta nó ionsaithe suaracha ar an teanga. Tarlóidh sé. Bímis cinnte de. Ach éireoidh an pobal amach arís. Tarlóidh sin fosta. Bímis cinnte de. Tá éilimh ag teacht chun cinn cheana féin chun bearnaí Chomhaontú Aoine an Chéasta a líonadh, maidir le cearta úra Gaelscolaíochta chun tógáil ar an dualgas reachtúil, maoiniú sásúil don phobal, nó an Straitéis úd nach bhfaca solas an lae riamh, tá go leor leor fós le baint amach.
Agus in éagmais fheidhmiú institiúidí 1998, beifear ag súil le tuilleadh tacaíocht ó chomh-shínitheoirí na gcomhaontuithe, an dá Rialtas, leis an teanga a chosaint agus a chur chun cinn. Ní féidir leo seasamh ar an taobh líne agus caipín an neodrachais a chaitheamh gan náire. Tá na laethanta sin thart. Má táthar dáiríre faoi shochraí chomhroinnte a chruthú, áit a bhfuil meas ar chách, caithfear áit an Gaeilge sa tsochaí sin a aithint agus an ‘ré úr comhionannais’ sin a gealladh in 1998 a fhíorú ar fad.
Is gníomhaí teanga é an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh atá mór-aitheanta leis An Dream Dearg agus a raibh baint mhór aige leis an fheachtas ar son chearta teanga ó thuaidh le beagnach deich mbliana anuas. Is Bainisteoir Cumarsáide é le Conradh na Gaeilge agus is Cathaoirleach é ar an ghrúpa pobal Gaelphobal Ard Mhacha Theas.
Rate and Review
Rate this article
Review this article
Log into OpenLearn to leave reviews and join in the conversation.
Article reviews